Skip to main content

Folúntas Poist Post mar Aistritheoir Grád 5 (Scála BOO)

                                                                                          

Folúntas Poist

Post mar Aistritheoir Grád 5 (Scála BOO)

Conradh Bliana ar Théarma Seasta:10-01-22 go 09-01-23

39 Uair sa tSeachtain

(Beidh an post lonnaithe san Ionad ach beidh deiseanna obair as baile ó am go chéile)

I mbun an phoist san Ionad Oideachais, beidh an té a cheapfar ag obair i ndáil le haistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla ar théacsanna éagsúla.

Ní mór an méid seo a leanas a bheith ag iarrthóirí:

(a) Céim sa Ghaeilge le cáilíocht iarchéime mar aistritheoir/ san aistriúchán nó a comhionann;

(b) Caighdeán gairmiúil i nGaeilge agus i mBéarla, idir an teanga labhartha agus an teanga scríofa;

(c) A bheith in ann ardleibhéil scileanna idirphearsanta, cumarsáide agus meitheal-oibre a léiriú;

(d) Scileanna aistriúcháin den scoth. Ní foláir d’iarrthóirí triail inniúlachta aistriúcháin a dhéanamh le linn an phróisis earcaíochta

Tuilleadh eolais le fáil ar               www.westcorkeducationcentre.ie      www.donegaledcentre.ie                       www.galwayec.ie

Seol iarratas trí ríomhphost chuig: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

                                                                                 This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

                                                                                         This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

An Dáta Deiridh: 3.00 i.n. an 26 Mí na Samhna 2021

Táimid tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus cuirfear fáilte roimh iarratais faoin naoi bhforas an Achta um Chomhionannas Fostaíochta.

  • Hits: 1182